Scéime Faoisimh Tuilte Na Dúnaibh

 

Downing_TownBackground_COCO
Downing_River_COCO
Downing_Risk_COCO

 

Is sráidbhaile é Na Dúnaibh (Downings) atá lonnaithe ar Leithinis Ros Goill i dtuaisceart Chontae Dhún na nGall. Tá an sráidbhaile laistigh de cheantar Gaeltachta agus tá tarraingt mhór air mar áit saoire.

Draenálann dobharcheantar beag tríd an mbaile ar a dtugtar go háitiúil Sruthán Mhachaire Loiscthe. Sileann sé ó na cnoic atá os cionn an bhaile isteach san fharraige ag trá Na Dúnaibh. Tá foscadh ag an trá brait ghoirm seo toisc go bhfuil sé ag féachaint siar ó dheas  ar Bhá Sheephaven agus tá an-tóir ag gaothshurfálaithe air. Tá Na Dúnaibh i mbaol ó dhobharthuilte ó Shruthán Mhachaire Loiscthe chomh maith le tuilte cósta.

Mar chuid de Phlean Forbartha Náisiúnta an Rialtais 2018-2027, ta €1 billiún geallta le haghaidh bearta faoisimh tuilte a fhorbairt ar fud na hÉireann. Mar chuid den ghealltanas seo, bunaíodh grúpa stiúrtha idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus Comhairle Contae Dhún na nGall chun scéim faoisimh tuilte a chur chun cinn, rud a mhaolóidh an baol ó thuilte sna Dúnaibh. In Iúil 2020, ceapadh RPS mar Shainchomhairleoirí Innealtóireacha agus Timpeallachta chun scéim faoisimh tuilte a fhorbairt a bheidh inghlactha do Na Dúnaibh go teicniúil, go sóisialta, go heacnamaíoch agus inghlactha ó thaobh na timpeallachta de. 

Tuarascaíodh go raibh roinnt teagmhas tuilte ag Na Dúnaibh in 2011 agus 2012. Bhí Páirc Charbhán Óstán na Trá faoi uisce, mar aon le roinnt bóithre áitiúla, an R238 san áireamh. Meastar gur báisteach throm ba chúis leis na tuilte a raibh mar thoradh uirthí ná gur sceith Sruthán Mhachaire Loiscthe a bhruacha. D’fhéadfadh sé go raibh baint ag leibhéil arda uisce cósta leis na tuilte ag Na Dúnaibh.

Chun dul i ngleic le saincheisteanna tuilte go náisiúnta, choimisiúnaigh Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus thug sí chun críche, staidéir Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte Dobharcheantair (CFRAM) fud fad na tíre. Tugadh an Staidéar CFRAM Neagh Bann Thiar Thuaidh chun críche le tacaíoicht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall. D’aithin toradh amháin den staidéar go bhfuil baol ó thuilte i gceantair áirithe, lena n-áirítear Na Dúnaibh mar aon leis an tionchar a bhíonn ag tuilte ar cheantair. D’ullmhaigh an Staidéar freisin Pleananna Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte, a leagann amach na bearta agus na polasaithe atá riachtanach chun an bhainistíocht ar bhaol ó thuilte is inbhuainaithe agus is éifeachtúla ó thaobh costas de a bhaint amach.

Ceapadh RPS chun measúnú mionsonraithe innealtóireachta ag leibhéal tionscadail a dhéanamh do Na Dúnaibh. Sa mheasúnú aimseofar bearta maolaithe tuilte cuí agus ullmhófar líníochtaí dearaidh mionsonraithe agus cáipéisí. Nuair a bheidh siad críochnaithe, éascóidh an bailiúchán saothar seo aighneacht ar iarratas pleanála de réir an Achta Pleanála agus Forbartha (2000), na Rialachán Pleanála agus Forbartha (2001) agus éascóidh siad tógáil na scéime ina dhiaidh sin. Mar chuid den phróiseas Forbartha Scéime, déanfaidh RPS Ráiteas Tionchair Natura agus Measúnacht Tionchair Timpeallachta, más gá faoin reachtaíocht ábhartha.

Baill an Ghrúpa Stiúrtha