In 2012, chun déileáil le fadhbanna tuilte go náisiúnta, choimisiúnaigh an OPW, agus thug sí chun críche  staidéir bainistíochta Riosca i gCás Tuilte Dobharcheantair (CFRAM) a chlúdaíonn an tír ar fad agus a dhéanamm athbhreithniú ar 300 suíomh ina bhfuil baol ó thuilte. D’aithin toradh amháin sna staidéir seo go bhfuil 119 suíomh i mbaol ó thuilte, Na Gleannta san áireamh, agus conas a théann na tuilte i bhfeidhm ar an gceantar. D’ullmhaigh an Staidéar freisin Pleananna Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte, a leagann amach na bearta agus na polasaithe atá riachtanach chun an bhainistíocht ar bhaol ó thuilte is inbhuainaithe agus is éifeachtúla ó thaobh costas de a bhaint amach.

Tar éis torthaí an Staidéir CFRAM a sheoladh, mar chuid de Phlean Forbartha Náisiúnta an Rialtais 2018-2027, tá beagnach €1 billiún geallta le haghaidh bearta faoisimh tuilte a fhorbairt ar fud na tíre.

Tar éis an gealltanas seo a dhéanamh, bunaíodh Grúpa Stiúrtha idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus Comhairle Contae Dhún na nGall chun scéim faoisimh tuilte a chur chun cinn, rud a mhaolóidh an baol ó thuilte do mhuintear Na Gleannta. Ceapadh RPS mar Shainchomhairleoirí Innealtóireacha agus Timpeallachta chun scéim faoisimh tuilte a fhorbairt a bheidh inghlactha go teicniúil, go sóisialta, go heacnamaíoch agus inghlactha ó thaobh na timpeallachta de. 

Cliceáil anseo chun a fheiceáil conas a rinneadh measúnú ar an bpobal seo.
(Déanfar tú a atreorú go dtí suíomh gréasáin Floodinfo.ie)