Mar chuid d’fhorbairt na Scéime Faoisimh Tuilte, tabharfar cuireadh don phobal páirt a ghlacadh in imeachtaí comhairliúcháin leis an bhfoireann tionscadail, agus beidh rochtain acu ar dhoiciméid na Scéime agus an t-eolas is deireanaí tríd an suíomh gréasáin seo.

Spreagtar an pobal chun páirt a ghlacadh in imeachtaí Comhairliúcháin Phoiblí a reáchtálfar ag céimeanna éagsúla den tionscadal agus aon eolas ábhartha a bhaineann le tuilte sa cheantar a thabhairt don fhoireann tionscadail.

De bharr na géarchéime sláinte poiblí COVID-19, ní reáchtálfar Lá Comhairliúcháin Phoiblí (PCD) pearsanta. Ina ionad sin, reáchtálfar an Comhairliúchán Poiblí Tosaigh ar an tairseach ar líne (https://countydonegalfrs.ie/glentiesfrs/index.php/comhairliuchan-poibli-tosaigh/) agus tosófar ag seoladh litreacha ar 9 Samhain 2020. Beidh an tairseach Comhairliúcháin Poiblí ar oscailt ar feadh sé seachtaine ina dhiaidh sin. Reáchtálfar Imeacht Comhairliúchán Poiblí eile (an dara ceann) nuair a shocraítear ar scéim agus nuair a chomhaontófar leis an nGrúpa Stiúrtha í.

Is féidir ceisteanna / aighneachtaí a chur isteach chuig an bhfoireann tionscadail le ríomhphost agus sa phost.

Post: An Fhoireann Tionscadail, Scéim Faoisimh Tuilte Na Gleannta, RPS, Ionad Fiontraíochta agus Gnó, Baile Raithin, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 AF43

Ríomhphost: Glentiesfrs@rpsgroup.com

Príomhdhátaí don Chomhairliúchán Poiblí

Céim I Comhairliúchán Poiblí Tosaigh

Cuirfear Comhairliúchán Poiblí Tosaigh ar bun ar 9 Samhain 2020.

Céim I Comhairliúchán Poiblí Deiridh

Deimhneofar na socruithe don 2ú Comhairliúchán Poiblí chun deireadh a chur le Céim 1, nuair a roghnófar scéim agus nuair a chomhaontófar í leis an nGrúpa Stiúrtha. Cuirfear Páirtithe Leasmhara agus baill den phobal ar an eolas maidir leis na socruithe roimh ré.

Beidh Taispeántas Poiblí ann freisin mar chuid den phróiseas pleanála reachtúil ig Céim II den tionscadal.,