Conas a cistíodh an scéim? Is í an OPW atá ag cistiú na scéime. Mar chuid de Phlean Forbartha Náisiúnta an Rialtais 2018-2027, tá €1 billiún geallta le haghaidh bearta faoisimh tuilte a fhorbairt ar fud na hÉireann.

 

Cad é cuspóir na scéime? Feabhsóidh an scéim caighdeán na cosanta ó thuilte do Na Gleannta chun cosaint in aghaidh na Dóchúlachta Sáraithe Bliantúla 1% (1 in 100 bliain) de theagmhas tuilte abhann.

 

Cén fhad a thógfaidh sé an scéim faoisimh tuilte a chur i bhfeidhm? Tá sé sceidealta le bheith críochnaithe in 2025. Más maithe leat miondealú iomlán den am scála a fheiceáil, téigh go dtí an rannán Achar ama ar an suíomh gréasáin.

An ionchorprófar dearadh na scéime go stuama laistigh de thírdhreach/Ríocht Phoiblí Na Gleannta?– Déantar an t-ionchorprú sa tírdhreach atá ann a mheas ag gach céim den tionscadal. Más féidir, déanfar claífoirt féir a ionchorprú sa dearadh in ionad struchtúirí crua cosanta (e.g. ballaí tuilte). Déanfar an cheist a meá an féidir an claífort iarnróid atá ann a ionchorprú sa scéim cosanta tuilte chun go n-íoslaghdófar na hathruithe a bheidh ann ar an tírdhreach.

 

An mbeidh méadú ar an mbaol ó thuilte in áiteanna eile de bharr na scéime? Ní bheidh. Is rud an-tábhachtach é seo inár ndearadh. Déanfaimid an tionchar a mheas a d’fhéadfadh a bheith na ceantair i dtreo bhéal na habhann feadh na Finne agus an Fheabhail, in ionad díriú go díreach ar na háiteanna ina raibh tuilte ann i gCaisleán na Finne, chun cinnte a dhéanamh de nach méadóidh na hoibreacha a dhéantar mar chuid den scéim seo an baol ó thuilte in aon áit eile.

 

An bhfuil gá fós leis an scéim ós rud é go ndearnadh oibreacha cosanta tuilte (cloífort ar an taobh thoir theas den bhaile) in 2018?

Níor thug na hoibreacha a críochnaíodh in 2018 cosaint do gach réadmhaoin i gCaisleán na Finne atá i mbaol ón teagmhas tuile dearaidh de Dhóchúlacht Sáraithe Bliantúla 1% (1 in 100 bliain). Déanfaidh an anailís hídreolaíoch agus hiodrálach nua an staid reatha a mheas maidir le réadmhaoin atá i mbaol agus na bearta a d’fhéadfadh é sin a mhaolú. Scrúdóidh an anailís ar oiriúnacht agus ar éifeachtacht na n-oibreacha críochnaithe agus má tá gá le hoibreacha/bearta breise chun an caighdeán cosanta atá ag teastáil a sholáthar thar saolré dearaidh na scéime.

 

An bhfuilimse i mbaol ó thuilte? Tá léarscáileanna tuilte ar shuíomh gréasáin OPW áit is féidir leat na teagmhais thuilte atá tuartha do Na Gleannta agus do bhailte eile a fheiceáil, a rinneadh measúnú orthu mar chuid den Staidéar CFRAM http://www.floodinfo.ie/. Tá sonraí ar an suíomh gréasáin seo maidir le teagmhais thuilte a tharla roimhe seo.

Conas a rachaidh sé seo i bhfeidhm ar an timpeallacht áitiúil? Tugtar tús áite do shaincheisteanna timpeallachta maidir le forbairt Scéime Faoisimh Tuilte Na Gleannta, agus tá sainchomhairleoirí timpeallachta (RPS) ina mbaill thábhachtacha den ghrúpa stiúrtha tionscadail. Más maith leat ár Staidéar Timpeallachta iomlán a fheiceáil, cliceáil Anseo.

Conas is féidir liom tuilleadh a fháil amach faoin staidéar?  Beidh an síomh gréasáin seo á nuashonrú leis an Nuacht is deireanaí agus le sonraí maidir le himeachtaí Comhairliúcháin Phoiblí atá le teacht. Is féidir leat an leathanach ‘Déan Teagmháil linn’ a úsáid freisin chun ceist a chur nó chun aiseolas a sholáthar nó chun clárú ionas go bhfaighidh tú nuashonrú trí ríomhphost.

 

Cé atá ann chun cabhair a thabhairt? Cuireann an OPW comhairle ar fáil do dhaoine a bhfuil a réadmhaoin agus a ngnólachtaí i mbaol ó thuilte. Le haghaidh tuilleadh eolais, agus chun cabhrú leat ullmhú, cliceáil anseo (nasc go dtí  https://www.opw.ie/en/floodriskmanagement/)