Scéim Faoisimh Tuilte Na Gleannta

 

Glenties 2048x699
Glenties_Risk_COCO
Glenties_River_COCO

 

 

 

Is baile é Na Gleannta atá suite in iardheisceart Chontae Dhún na nGall ar an taobh thiar thuaidh de na Cruacha agus deich ciliméadar ón bhfarraige. Tá sléibhte thart ar thrí taobh de. Tá sé suite ar an N56 agus is ann a thagann dhá ghleann le chéile, díreach lastuas den áit a thagann dhá abhainn le chéile, agus is as sin a thagann an t-ainm Na Gleannta.

Ritheann an Abhainn Fhia taobh ó dheas den bhaile. Isteach san Fhia a shileann uiscí ón taobh thuaidh de na Cruacha. Sileann sí i dtreo an iarthair agus téann sí isteach san fharraige in aice le hArd an Rátha. Sileann an Srath Chaisil isteach i ngleann eile ar an taobh thoir thuaidh de Na Gleannta. Sileann sí trí lár an bhaile i silteán domhain roimh teacht le chéile leis an Abhainn Fhia taobh ó dheas. Tá Bradán agus Breac sa da abhainn agus tá siad laistigh de Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SAC). Tá Diúilicíní Péarla Úruisce san Fhia freisin. Tá an tríú sruthchúrsa ann, Gort na Muclach as a sileann uisce taobh ó thuaidh den bhaile agus sileann sí thiar theas áit a thagann sí le chéile leis an Abhainn Fhia taobh thiar den chlub CLG. Tá gach ceann de na haibhneacha faoi réir mhaidhm thuile nuair a bhíonn báisteach throm ann.

Mar chuid de Phlean Forbartha Náisiúnta an Rialtais 2018-2027, ta €1 billiún geallta le haghaidh bearta faoisimh tuilte a fhorbairt ar fud na hÉireann. Mar chuid den ghealltanas seo, bunaíodh grúpa stiúrtha idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus Comhairle Contae Dhún na nGall chun scéim faoisimh tuilte a chur chun cinn, rud a mhaolóidh an baol ó thuilte sna Gleannta. In Iúil 2020, ceapadh RPS mar Shainchomhairleoirí Innealtóireacha agus Timpeallachta chun scéim faoisimh tuilte a fhorbairt a bheidh inghlactha do Na Gleannta go teicniúil, go sóisialta, go heacnamaíoch agus inghlactha ó thaobh na timpeallachta de. 

Tuarsacaíodh go raibh roinnt teagmhas tuilte sna Gleannta in 1989, 2011, 2012 agus is i Lúnana 2019 a bhí an ceann is deireanaí. Meastar gur tharla na himeachtaí seo go léir toisc gur sháraigh na haibhneacha thart timpeall ar Na Gleannta a mbruacha. Mar thoradh ar an teagmhas in 2019 bhí tuile thromchúiseach ar thailte an chlub CLG (Naomh Conaill). Bhí tuilte ann arís is arís eile in eastát tithíochta Clós Naomh Conaill ach tá oibreacha déanta le déanaí ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar an líonra draenála chun fadhb na dtuilte seo a réiteach.

Chun dul i ngleic le saincheisteanna tuilte go náisiúnta, choimisiúnaigh Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus thug sí chun críche, staidéir Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte Dobharcheantair (CFRAM) fud fad na tíre. Tugadh an Staidéar CFRAM Neagh Bann Thiar Thuaidh chun críche le tacaíoicht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall. D’aithin toradh amháin den staidéar go bhfuil baol ó thuilte i gceantair áirithe, lena n-áirítear Na Gleannta mar aon leis an tionchar a bhíonn ag tuilte ar cheantair. D’ullmhaigh an Staidéar freisin Pleananna Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte, a leagann amach na bearta agus na polasaithe atá riachtanach chun an bhainistíocht ar bhaol ó thuilte is inbhuainaithe agus is éifeachtúla ó thaobh costas de a bhaint amach.

Ceapadh RPS chun measúnú mionsonraithe innealtóireachta ag leibhéal tionscadail a dhéanamh do Na Gleannta. Sa mheasúnú aimseofar bearta maolaithe tuilte cuí agus ullmhófar líníochtaí dearaidh mionsonraithe agus cáipéisí. Nuair a bheidh siad críochnaithe, éascóidh an bailiúchán saothar seo aighneacht ar iarratas pleanála de réir an Achta Pleanála agus Forbartha (2000), na Rialachán Pleanála agus Forbartha (2001) agus éascóidh siad tógáil na scéime ina dhiaidh sin. Mar chuid den phróiseas Forbartha Scéime, déanfaidh RPS Ráiteas Tionchair Natura agus Measúnacht Tionchair Timpeallachta, más gá faoin reachtaíocht ábhartha.

Baill an Ghrúpa Stiúrtha