Suíomh Gréasáin do Thionscadal na Scéimeanna Faoisimh Tuilte

I mBealtaine 2018, sheol an tAire Stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, 29 Plean  Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte d’Éirinn. Sna Pleananna aithníodh 118 tionscadal faoisimh tuilte san iomlán ar dtús chun cosaint a thabhairt do na ceantar is mó atá i mbaol ó thuilte ar fud na tíre. Méadaíodh an uimhir go dtí 119 nuair a cuireadh isteach an tionscadal Bun na hAbhann tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar chostas i ndiaidh na dtuilte in 2017.

Is cuid lárnach iad na Pleananna agus na tionscadail seo den straitéis bainistíochta riosca i gcás tuilte san iomlán mar atá leagtha amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2017 – 2028, ina ndéanfar infheistíocht de beagnach €1 billiún thar amfráma deich mbliana.  Ós rud é nach féidir na 119 tionscadal go léir a chur i bfheidhm ag an am céanna, tugadh tús áite do 57 tionscadal don chéad sciar den infheistíocht.

Tá tuilleadh eolais ar na Pleananna Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte le fáil ar an suíomh gréasáin náisiúnta:

In Eanáir 2019, bhunaigh Comhairle Contae Dhún na nGall (DCC) agus Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) an Grúpa Stiúrtha Scéimeanna Faoisimh Tuilte Dhún na nGall chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na scéimeanna faoisimh tuilte do Dhún na nGall a thiocfaidh as an bPlean Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte. Sa Ghrúpa Stiúrtha tá oifigigh ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ó Oifig na nOibreacha Poiblí.

Tá freagracht ag an nGrúpa Stiúrtha maoirseacht a dhéanamh ar an gcéad sciar de sé scéim faoisimh tuilte a scaoileadh in Eanáir 2019. Is iad seo Bun na hAbhann, Caisleán na Finne, Na Gleannta, Na Dúnaibh agus an Cheathrú Chaol (faoi bhainistíocht Chomhairle Contae Dhún na nGall) agus Leifear (faoi bhainistíocht Oifige na nOibreacha Poiblí). Scaoileadh trí scéim faoisimh tuilte eile i Samhain 2019 atá faoi mhaoirseacht an Ghrúpa Stiúrtha. Is iad seo Bealach Féich – Srath an Urláir, Bun Cranncha -Luddan agus Ráth Mealtain, atá faoi bhainistíocht freisin ag Comhairle Contae Dhún na nGall.

Tá scéim faoisimh tuilte do Ráth Bhoth á bpróiseáil ag OPW agus tosaíodh uirthi sular foilsíodh na Pleananna Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte.

Tá na suíomhanna ina bhfuil scéimeanna á bpróiséail faoi láthair i gContae Dhún na nGall le feiceáil thíos agus is féidir eolas maidir le scéimeanna aonair a fháil trí chliceáil ar an nasc ábhartha.

De réir mar a sheoltar tuilleadh Suíomhanna Gréasáin do Thionscadal Scéimeanna Faoisimh Tuilte, beidh rochtain orthu anseo.

Is acmhainn lárnach é an suíomh gréasáin seo don phobal, agus cuireann sé eolas agus uasdátú ar fáil ar gach Scéim Faoisimh Tuilte i gContae Dhún na nGall.