Scéim Draenála Artaireach: Oibreacha a dhéantar faoin Acht Draenála Artaireach (1945) chun draenáil talaimh a fheabhsú. Is í an OPW a dhéanann agus a chothabhálann a leithéid d’oibreacha ar bhonn leanúnach.

Staidéar Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte Dobharcheantair Nó Staidéar CFRAM: Staidéar chun an riosca ó thuile reatha agus ionchasach a mheas agus a mhapáil, mar aon leis an riosca ó aibhneacha agus ó uiscí cósta. Leagtar síos spriocanna chun na rioscaí aitheanta a bhainistiú agus ullmhaítear Plean ina bhfuil sraith de bhearta tosaíochta chun dul i ngleic leis na spriocanna sainmhínithe.

Pobail: Cathracha, bailte, sráidbhailte nó bailte fearainn ina bhfuil bailiúchán de thithe, de ghnólachtaí agus de réadmahoin eile.

Iarmhairtí: Éifeachtaí ó thuilte, a d’fhéadfadh a bheith díreach (e.g. díobháil fhisiciúil nó damáiste do réadmhaoin nó do shéadchomharthaí), cur isteach (e.g. soláthar leictreachais a chailleadh nó bac ar an mbóthar) nó indíreach (e.g., strus ar dhaoine atá buailte leis nó caillteanas gnó do ghnólachtaí)

Draenáil: Oibreacha chun uisce dromchla nó fodhromchla a bhaint nó oibreacha chun é sin a éascú, e.g., ó bhóithre agus ó cheantair uirbeacha trí chórais draenála uisce stoirme uibeach, agus ó thalamh trí chainéil draenála nó sruthchúrsaí a dhoimhníodh nó a gcuireadh lena dtoilleadh.

Tuile: Clúdach sealadach d’uisce ar thalamh nach gnách é a bheith clúdaithe le huisce.

Méid Tuile: An méid talaimh atá, nó a d’fhéadfadh a bheith, faoi uisce. Léirítear go minic ar léarscáil tuile é.

Léarscáil Guaise Tuile: Léarscáil  ar a léirítear ceantair thalaimh atá i mbaol ó thuilte, ar a dtugtar léarscáil méid tuile, nó léarscáil a léiríonn doimhneacht, luas nó gné eile de thuile nó d’uiscí le haghaidh teagmhas tuile áirithe. Is gnách go n-ullmhaítear léarscáileanna guaise tuile do theagmhas a tharla cheana féin nó do theagmhas tuile ionchasach a bhfuil dóchúlacht áirithe ag baint leis.

Plean Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte (Plean): Plean a leagann amach sraith de bhearta tosaíochta laistigh de straitéis inbhuanaithe fadtéarmach dírithe ar spriocanna sainmhínithe maidir le bainistíocht  tuilte a bhaint amach. Forbraítear an Plean ag scála Abhantraí (Aonad Bainistíochta), ach díríonn sé ar riosca a bhainistiú laistigh de Cheantair le haghaidh Tuilleadh Measúnaithe (AFA).

Léarscáil Riosca ó Thuilte: Léarscáil a léiríonn na rioscaí ionchasacha a bhaineann le tuilte. D’fhéadfadh na léarscáileanna seo gné áirithe riosca, a chuireann san áireamh an dóchúlacht atá ann maidir le tuilte (e.g. meán-damáiste bliantúil don gheilleagar), ach d’fhéadfadh sé freisin na gabhadóirí éagsúla a thaispeáint a d’fhéadfadh a bheith buailte le tuilte de dhóchúlachtaí difriúla.

Tuilemhá: An ceantar talaimh atá in aice le habhainn nó le cósta ina mbíonn tuilte ann go tréimhsiúil ón abhainn sin nó ón bhfarraige.

Treoir Tuilte: Is í an Treoir ‘Tuilte’ [2007/60/EC] an Treoir a tháinig i bhfeidhm i mí na Samhna 2007 a chuireann iallach ar Bhallstáit PFRA a dhéanamh chun Ceantair le haghaidh Tuilleadh Measúnaithe (AFA) a aithint, agus ansin léarscáileanna tuilte agus Pleananna a ullmhú do na ceantair.

Dobharcheantar: A bhaineann le haibhneacha. Úsáidtear go minic é sa chomhthéacs tuilte abhann, i.e. tuilte ó aibhneacha, ó shrutháin, etc.

Treoir maidir le Gnáthóga: Díríonn an Treoir maidir le Gnáthóga [92/43/EEC] ar an mbithéagsúlacht a chosaint trí chosaintí a sholáthar d’ainmhithe agus do speicis plandaí agus gnáthóga a bhfuil tábhacht Eorpach ag baint leo.

Guais: Rud éigin ar féidir leis díobháil a dhéanamh agus a bhfuil iarmhairtí díobhálacha ag baint leis. Sa chomhthéacs seo, is í an ghuais atá ann ná tuilte.

Hiodrálaic: An eolaíocht a bhaineann le hiompraíochta sreabhán. Úsáidtear go minic é sa chomhthéacs seo maidir le hiompar uisce tuilte a mheas i gcainéil abhann nó i struchtúir (ar nós lintéir) nó thar tír, chun leibhéil tuilte nó méid tuilte a mheas.

Hidreolaíocht: Eolaíocht timthriall nádúrtha an uisce, a úsáidtear go minic sa chomhthéacs seo maidir le ráta agus toirt báistí a shreabhann ón talamh agus taoide thuile in aibhneacha a mheas.

Ceantar Hidriméadrachta: An talamh a roinnt go hidriméadreach. Is gnách gur dobharcheantair mhóra nó comhcheirtliúchán de dhobharcheantair bheaga atá i gceist, agus ceantair chósta a ghabhann leis. Tá  40 Ceantar Hidriméadrachta ar oileán na hÉireann.

Beart: Sraith d’oibreacha, struchtúrtha agus / nó neamh-struchtúrtha, dírithe ar an mbaol ó thuilte a laghdú nó a mhaolú (nuair a úsáidtear é sa chomhthéacs bainistíocht a dhéanamh ar riosca tuilte).

Clár Náisiúnta CFRAM: An clár atá forbartha ag an OPW chun eochairghnéithe den Treoir an AE ‘Tuilte’ a chur i bhfeidhm in Éirinn, lena n-áiríodh na Staidéir CFRAM, agus iad a chur le  torthaí an PFRA.

Báistiúil: Baineann sé le báisteach agus úsáidtear go minic é sa chomhthéacs tuilte báistiúla, i.e. tuilte atá mar thoradh díreach de bháisteach throm (seachas aibhneacha a sháraíonn a mbruacha).

Lá Comhairliúcháin Phoiblí Nó PCD: Imeacht a fhógraítear roimh ré chun dul i mbun caidrimh leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara. Cuireann an fhoireann tionscadail ábhar ar taispeáint agus cuireann sí i láthair é (e.g. léascáileanna tuilte, roghanna bainistíochta tuilte) in áit phoiblí. Bíonn baill foirne i láthair chun an t-ábhar a mhíniú agus a phlé, agus cuireann baill den phobal agus páirtithe leasmhara eile eolas áitiúil ar fáil agus a gcuid barúlacha freisin.

Tréimhse Athfhillte: Téarma a n-úsáidtí chun cur síos a dhéanamh ar dhóchúlacht teagmhais tuile, curtha in iúl mar achar ama i mblianta, ar an meán thar tréimhse fada, a d’fhéadfaí a bheith ag súil le tuile de mhéid áirithe. Is é an téarma a úsáidtear anois ná ‘Dóchúlacht Sáraithe Bliantúla’,  mar d’fhéadfadh an téarma Tréimhse Athfhillte a bheith míthreorach.

Riosca: An comhcheangal idir dóchúlacht go mbeidh tuile ann, agus na hiarmhairtí a bhaineann le tuile.

Abhantrach: Ceantar talaimh (dobharcheantar) a shreabhann isteach in inbhear nó in imeallbhord faoi leith.

Abhann: A bhaineann le habhainn.

Riosca Suntasach: Riosca tuilte ar chúis imní é go náisiúnta. Leagann an Príomhthuarascáil PFRA amach conas a leagadh síos an riosca suntasach don PRFA, agus mar sin, conas a aithníodh na Ceantair le hAghaidh Tuilleadh Measúnaithe.  

Caighdeán Cosanta Nó Or SoP: Méid tuile, a bhfuil sé mar aidhm ag beart / oibreacha, an ceantar a chosaint air. Sainmhínítear go minic mar seo é – go sáraítear an dóchúlacht bhliantúil go dtarlóidh an tuile sin (Dóchúlacht Sáraithe Bliantúla, nó ‘AEP’).

Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta Nó SEA: Is measúnacht timpeallachta de phleananna (ar nós na Pleananna) agus de chláir í an SEA, a chinntíonn go ndéanfar scrúdú ardleibhéil ar shaincheisteanna timpeallachta nuair atá an plean á ullmhú agus á dhréachtú. Is riachtanas í atá foráilte faoin Treoir SEA  [2001/42/EC].

Uisce Dromchla:  Uisce ar dhromcla an talaimh. Ag tagairt do locháin d’uisce báistí nach féidir leo draenáil ná síothlú isteach san ithir.

Tionscadal Bainistíochta Suirbhé: Tionscadal coimisiúnaithe ag an OPW sula ndéantar na Staidéir CFRAM chun sciar mór den obair shuirbhé a shonrú agus a bhainistiú.

Inbhuanaitheacht: Acmhainn maireachtála. Úsáidtear go minic é i gcomhthéacs timpeallachta nó athrú aeráide, ach tagraíonn sé do ghníomhartha a d’fhéadfadh daoine agus an tsochaí a dhéanamh.

Taoide: Baineann sé le taoidí farraige / aigéin, úsáidtear go minic é sa chomhthéacs tuile taoide, i.e. tuile mar thoradh ar leibhéil farraige arda nó leibhéil inbhearacha arda.

Topagrafaíocht: An cruth atá ag an talamh, .e.g. ardaithe nó leibhéalta.

Aonad Bainistíochta Nó UoM:  Deighilt hídreolaíoch den talamh chun críche na Treorach Tuilte. Tá Plean amháin ullmhaithe do gach Aonad Bainistíochta, ar a dtugtar Abhantrach sa Phlean.

Leochaileacht: Damáiste ionchasach do ghabhadóir (féach thuas), agus/nó méid na n-iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar thuile.

An Chreat-treoir Uisce Nó WFD: Tá sé mar aidhm ag an  gCreat-treoir Uisce [2000/60/EC] uisce dromchla, trasdultach, cósta agus screamhuisce a chosaint; an timpeallacht uisceach agus éiceachórais a chosaint agus a fheabhsú, agus úsáid inbhuanaithe d’acmhainní uisce a chur chun cinn.

Dobharlach: Téarma a úsáidtear sa Chreat-treoir Uisce (féach thíos) chun cur síos a dhéanamh ar sráicí scoite d’aibhneacha, de locha, d’inbhir, den Fharraige, de screamhuisce agus de dhobharlacha uisce eile.