Beidh cúig chéim sa scéim faoisimh tuilte mar seo a leanas:
Céim I: Forbairt agus Dearadh Scéime
I gceist le Céim 1 beidh bailiúchán na sonraí ábhartha go léir. Ullmhófar sonraíocht suirbhé, cuirfear tairiscint isteach ina leith agus déanfar í a bhainistiú. Déanfar anailís hidreolaíoch agus hiodrálach ar an gceantar. Déanfar anailís costais is tairbhe iomlán ar an Scéin freisin.
Céim II: Pleanáil
I gCéim II ullmhófar na doiciméid go léir atá riachtanach chun an Scéim a chur tríd an bpleanáil riachtanach, lena n-áirítear taispeántas poiblí, agus próisis reachtúla eile.
Céim III: Dearthóireacht Foirgníochta mionsonraithe agus Tairiscint
I gceist le Céim III beidh dearadh, ullmhúchán doiciméad tairisceana agus comórtas poiblí chun conraitheoir a cheapadh. do na príomhoibreacha.
Céim IV: Tógáil
Beidh conraitheoir oibreacha freagrach as an tógáil, faoi mhaoirseacht an sainchomhairleora, i ndiaidh comórtais soláthair phoiblí. Ag deireadh Scéim 1V cuirfear an Scéim i bhfeidhm.
Céim V: Aistriú na nOibreacha
Coimisiúnú den teastas críochnaithe. Tuarascáil anailíse airgeadais a ullmhú. Suirbhéanna ‘Mar a tógadh’, mapáil tuilte ‘Mar a tógadh’ agus ullmhófar plean nuashonraithe Oiriúnú um Athrú Aeráide.