Conas a cistíodh an scéim? Is í an OPW atá ag cistiú na scéime. Mar chuid de Phlean Forbartha Náisiúnta an Rialtais 2018-2027, tá €1 billiún geallta le haghaidh bearta faoisimh tuilte a fhorbairt ar fud na tíre.
Cad é cuspóir na scéime? Feabhsóidh an scéim caighdeán na cosanta ó thuilte do Na Dúnaibh chun cosaint in aghaidh na Dóchúclachta Sáraithe Bliantúla 1% (1 in 100 bliain) de theagmhas tuilte abhann, agus chun cosaint in aghaidh na Dóchúclachta Sáraithe Bliantúla 0.5% (1 in 200 bliain) de theagmhas tuilte cósta (leibhéal uisce agus tonnta thar a bheith ard).
Cén fhad a thógfaidh sé an scéim faoisimh tuilte a chur i bhfeidhm? Tá sé sceidealta le bheith críochnaithe in 2025. Más maithe leat miondealú iomlán den am scála a fheiceáil, téigh go dtí an rannán Achar Ama ar an suíomh gréasáin.
An ionchorprófar dearadh na scéime go stuama laistigh den Ríocht Phoiblí?– Déantar an t-ionchorprú sa tírdhreach atá ann a mheas ag gach céim den tionscadal. Más féidir, déanfar claífoirt féir a ionchorprú sa dearadh in ionad struchtúirí crua cosanta.
An mbeidh méadú ar an mbaol ó thuilte in áiteanna eile de bharr na scéime? Ní bheidh. Is rud an-tábhachtach é seo inár ndearadh. Cuirfimid san áireamh an tionchar a bheadh ar réadmhaoin atá thuas agus thíos an abhainn. D’fhéadfaí Bearta Coinneála Uisce Nádúrtha a chur san áireamh ina ligtear do thalamh feirme suas nó síos an abhainn dul faoi uisce ar bhealach rialaithe chun an baol ó thuilte sna Dúnaibh a mhaolú ach ní dhéanfar é seo ach amháin má mheastar gurb é an rogha is fearr é agus faoi réir idirbheartaíochta leis na húinéirí talún a mbaineann sé leo.
An bhfuilimse i mbaol ó thuilte? Is féidir leat féachaint ar na léirscáileanna tuilte at shuíomh gréasáin OPW CFRAM chun sonraí a fheiceáil maidir le tuilte sna Dúnaibh agus i mbailte eile laistigh de cheantar staidéir CFRAM http://www.floodinfo.ie/.
Conas a rachaidh sé seo i bhfeidhm ar an timpeallacht áitiúil? Tugtar tús áite do shaincheisteanna timpeallachta maidir le forbairt Scéime Faoisimh Tuilte Na Dúnaibh, agus tá sainchomhairleoirí timpeallachta (RPS) ina mbaill thábhachtacha den ghrúpa stiúrtha tionscadail. Más maith leat ár Staidéar Timpeallachta iomlán a fheiceáil, cliceáil Anseo.
Conas is féidir liom tuilleadh a fháil amach faoin staidéar? Beidh an síomh gréasáin seo á nuashonrú leis an nuacht is deireanaí agus le sonraí maidir le himeachtaí Comhairliúcháin Phoiblí atá le teacht. Is féidir leat an leathanach ‘Déan Teagmháil linn’ a úsáid freisin chun ceist a chur nó chun aiseolas a sholáthar nó chun clárú ionas go bhfaighidh tú nuashonrú trí ríomhphost.
Cé atá ann chun cabhair a thabhairt? Cuireann an OPW comhairle ar fáil do dhaoine a bhfuil a réadmhaoin agus a ngnólachtaí i mbaol ó thuilte. Le haghaidh tuilleadh eolais, agus chun cabhrú leat ullmhú, cliceáil anseo (nasc go dtí https://www.opw.ie/en/floodriskmanagement/)