Tá an scéim dírithe ar Na Dúnaibh agus réadmhaoin sa cheantar máguaird ina raibh tuilte ann roimhe seo de bharr adhaimsire. Díreoidh an Scéim ar an teorainn idir an “ceantar ina bhfuil tuilleadh measúnaithe le déanamh” mar atá leagtha síos i Staidéar CFRAM de chuid OPW.

Tá ceantar an staidéir sách mór agus clúdóidh sé na rudaí a leanas:

  • Stráicí cainéal abhann/sruthchúrsaí a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar an gceantar a bhfuil sé i gceist go mbainfidh sé tairbhe agus cosaint as an scéim.
  • Dobharcheantair hidreolaíocha a bhíonn ag draenáil isteach sna cainéil abhann/sruthchúrsaí ábhartha.
  • Ceantair inar dócha go mbeidh tionchar ar an timpeallacht de bharr na scéime.
  • Sráicí cósta atá i mbaol ó thuilte cósta (de bharr leibhéal antoisceach uisce agus gníomhaíocht na dtonnta).