Scéim Faoisimh Tuilte Caisleán Na Finne



Is baile margaidh é Caisleán na Finne atá i nGleann na Finne i nDún na Gall thoir. Tá lár an bhaile lastuas den bhruach taobh ó thuaidh den Fhinn ar an bhpríomhbhóthar náisiúnta N15 idir Leifear agus Bealach Féich – Srath an Urláir. Is fo-abhainn mhór í an Fhinn de chuid an Fheabhail, Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) agus tá sé ainmnithe mar áit chosanta don bhradán. Tá tuilemhá ghníomhach ag Abhainn na Finne a shaibhríonn an talamh feirme feadh Ghleanna na Finne. Sreabhann roinnt sruthchúrsaí níos lú tríd an mbaile agus téann said isteach san Fhinn agus í ar an mbealach go dtí Leifear, áit a théann sí isteach sa Mhorn agus ansin tugtar an Feabhal uirthi.
Mar chuid de Phlean Forbartha Náisiúnta an Rialtais 2018-2027, tá €1 billiún geallta le haghaidh bearta faoisimh tuilte a fhorbairt ar fud na hÉireann. Mar chuid den ghealltanas seo, bunaíodh grúpa stiúrtha idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus Comhairle Contae Dhún na nGall chun scéim faoisimh tuilte a chur chun cinn, rud a mhaolóidh an baol ó thuilte i gCaisleán na Finne. In Iúil 2020, ceapadh RPS mar Shainchomhairleoirí Innealtóireacha agus Timpeallachta chun scéim faoisimh tuilte a fhorbairt a bheidh inghlactha Chaisleán na Finne go teicniúil, go sóisialta, go heacnamaíoch agus inghlactha ó thaobh na timpeallachta de.
Tá stair i gCaisleán na Finne maidir le tuilte tromchúiseacha agus is i mí na Samhna agus na Nollag 2015 a bhi na tuilte suntasacha is deireanaí ann. Bhí go leor gnólachtaí agus réadmhaoin chónaithe faoi uisce, ionad Tionscnamh Comhpháirtíochta Chaisleán na Finne (CPI) san áireamh, ar an dá ócáid sin a bhí ar cóimhéid.
Tharla an dá imeacht tuilte in 2015 toisc gur sceith an Fhinn a bruacha agus leathnaigh na tuilte isteach sa bhaile. Ní raibh na fo-aibhneacha ábalta a gcuid uisce a sceitheadh isteach san Fhinn agus d’úsáid na tuilte na sruthchúrsaí seo chun an baile a thachtadh. Bhí tionchar ag na cúinsí tuilte ar leibhéal na Finne ag cumar na Finne agus na Moirne ag Leifear, agus mar thoradh, bhí leibhéal ard uisce i nGleann na Finne. San fhorbairt a dhéanfar ar roghanna faoisimh tuilte, cuirfear san áireamh idirghníomhú na sruthanna i ngach ceann de na dobharlaigh agus tionchar na dtuilte ar Chaisleán na Finne. Agus an Scéim á forbairt, déanfar measúnú ar thionchar na dtuilte ar na ceantair máguaird – Clóidigh, Leifear agus an Srath Bán, ar aon dul le riachtanais na Treorach ón AE maidir le Tuilte.
Chun dul i ngleic le saincheisteanna tuilte go náisiúnta, choimisiúnaigh Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus thug sí chun críche, staidéir Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte Dobharcheantair (CFRAM) fud fad na tíre. Tugadh an Staidéar CFRAM chun críche le tacaíoicht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall. D’aithin toradh amháin den staidéar go bhfuil baol ó thuilte i gceantair áirithe, lena n-áirítear Caisleán na Finne mar aon leis an tionchar a bhíonn ag tuilte ar cheantair. D’ullmhaigh an Staidéar freisin Pleananna Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte, a leagann amach na bearta agus na polasaithe atá riachtanach chun an bhainistíocht ar bhaol ó thuilte is inbhuainaithe agus is éifeachtúla ó thaobh costas de a bhaint amach.
Ceapadh RPS chun measúnú mionsonraithe innealtóireachta ag leibhéal tionscadail a dhéanamh do Chaisleán na Finne. Sa mheasúnú aimseofar bearta maolaithe tuilte cuí agus ullmhófar líníochtaí dearaidh mionsonraithe agus cáipéisí. Nuair a bheidh siad críochnaithe, éascóidh an bailiúchán saothar seo aighneacht ar iarratas pleanála de réir an Achta Pleanála agus Forbartha (2000), na Rialachán Pleanála agus Forbartha (2001) agus éascóidh siad tógáil na scéime ina dhiaidh sin. Mar chuid den phróiseas Forbartha Scéime, déanfaidh RPS Ráiteas Tionchair Natura agus Measúnacht Tionchair Timpeallachta, más gá faoin reachtaíocht ábhartha.