Ráiteas Príobháideachais

Tá meas ag Oifig na nOibreacha Poiblí agus ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar chearta a n-úsáideoirí agus ní gnách leo eolas pearsanta de chineál ar bith a bhailiú. Má chuireann úsáideoir eolas ar fáil ar bhonn deonach mar fhreagairt ar cheistneoir nó suirbhé, bainfear úsáid as na sonraí chun críche taighde nó anailíse amháin.

Nuair a dhéantar brabhsáil ghinearálta, ní nochtar aon eolas pearsanta dúinn, cé go bhfuil faisnéis staitistiúil áirithe ar fáil dúinn tríd ár soláthróir seirbhíse idirlín. D’fhéadfadh an t-eolas a leanas a bheith san áireamh:

  • An seoladh loighciúil den fhreastalaí atá á úsáid agat;
  • An t-ainm fearainn barrleibhéil as a bhfaigheann tú rochtain ar an Idirlíon (mar shampla, .ie, com, .org etc.);
  • An saghas brabhsálaí atá á úsáid agat;
  • An dáta agus an t-am a théann tú isteach inár suíomh gréasáin;
  • An seoladh Idirlín a úsáidtear chun nasc a dhéanamh lenár suíomh gréasáin.

Bainfear úsáid as roinnt den fhaisnéis thuas chun staitisicí achoimre a chruthú a chuireann ar ár gcumas rochtain a fháil ar líon na gcuairteoirí ar ár suíomh, chun na leathanaigh is mó a fhaightear rochtain orthu a aithint, agus chun ár suíomh a dhéanamh níos áisiúla don úsáideoir i gcoitinne.

Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as Google Analytics chun anailís a dhéanamh ar conas a bhaineann úsáideoirí úsáid as an suíomh. Úsáideann an uirlis anailíseach seo cuacha, comhaid téacs a chuirtear ar do ríomhaire, chun faisnéis caighdeánach loga a bhailiú agus faisnéis a bhailiú, ar bhealach anaithnid, maidir le hiompar cuairteoirí. Cuirtear an fhaisnéis a ghintear tríd an gcuach maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an suíomh (do sheoladh IP san áireamh) ar aghaidh go dtí Google. Úsáidtear ansin í chun measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann cuairteoirí as an suíomh agus chun tuarascálacha staitistiúla a chur le chéile maidir le gníomhaíocht ar an suíomh d’Oifig na nOibreacha Poiblí agus Comhairle Contae Dhún na nGall.

Ní bhaineann Oifig na nOibreacha Poiblí agus Comhairle Contae Dhún na nGall úsáid as an uirlis anailíse staitisiciúla chun faisnéis a rianú ná a bhailiú, a d’fhéadfaí a nascadh go pearsanta le cuairteoirí ar ár suíomh. Ní cheanglaímid na sonraí a bhailítear ón suíomh seo le faisnéis ar bith ó fhoinse ar bith mar chuid den úsáid a bhainimid as uirlis anailíse staitisiciúla Google. Ní cheanglaíonn Google do sheoladh IP le haon sonraí eile atá i seilbh Google. Ní dhéanann OPW, Comhairle Contae Dhún na nGall ná Google nasc, agus ní dhéanann siad iarracht nasc a chruthú, idir seoladh IP agus úsáideoir ríomhaire.

  • Eolas Pearsanta

D’fhéadfaimís iarradh ort do sheoladh ríomhphoist a thabhairt dúinn mar fhreagairt ar iarratas uaitse le haghaidh tuilleadh eolais. Ní dhéanfar é seo a thaifeadadh ach amháin sa chás go gcuireann tú ríomhphost chugainn. Ní bhainfear úsáid as ach amháin chun na críche as ar chuir tú ar fáil é agus ní chuirfear ar liosta seoltaí é.

Ráiteas Inrochtaineachta

Tá RPS, thar ceann OPW agus Comhairle Contae Dhún na nGall, tiomanta inrochtaineacht dhigiteach a chinntiú do dhaoine faoi mhíchumas. Cuirimid feabhas leanúnach ar thaithí an úsáideora do chách, agus cuirimid na caighdeáin inrochtaineachta ábhartha i bhfeidhm.

Stádas maidir le Comhlíonadh
Leagann Treoirlínte Inrochtaineachta um Ábhar Suímh Ghréasáin (WCAG) síos na riachtanais atá ag dearthóirí agus ag forbróirí inrochtaineacht a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas. Tá trí leibhéal feidhmíochta i gceist: Leibhéal A, Leibhéal AA, agus Leibhéal AAA.  Tá Scéim Faoisimh Tuilte Chaisleán na Finne  i gcomhréir go hiomlán le WCAG 2.1 leibhéal AA. Caillaíonn sé sin go gcomhlíonann an t-ábhar an caighdeán

Aiseolas
Fáiltímid roimh do chuid aiseolais ar inrochtaineacht na Scéime Faoisimh Tuilte i gCaisleán na Finne. Cuir in iúl dúinn, le do thoil, má bhíonn fadhbanna inrochtaineachta agat maidir le Scéim Faoisimh Tuilte Chaisleán na Finne:

  • Ríomhphost: Castlefinnfrs@rpsgroup.com
  • Seoladh poist: Ionad Fiontraíochta agus Gnó, Baile Raithin, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 AF43