Mar Údarás Conarthach, tá Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhpháirtíocht le hOifig na nOibreacha Poiblí (OPW), ag bogadh ar aghaidh le forbairt ar Scéim Faoisimh Tuilte do Chaisleán na Finne bunaithe ar cheisteanna teicniúla, sóisialta, timpeallachgta agus eacnamaíocha.

Tá an Scéim Faoisimh Tuilte atá molta do Chaisleán na Finne fós ina thús, agus ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall in éineacht leis an bhfoireann innealtóireachta agus timpeallachta a ceapadh le déanaí in RPS, tuairimí agus eolas an phobail áitiúil a ionchorprú mar aon le tuairimí agus eolas gach páirtí leasmhar a d’fhéadfadh suim a bheith acu sa scéim. 

Conas páirt a ghlacadh sa Chomhairliúchán:

  1. Léigh an Bróisiúr Comhairliúchán Tosaigh atá le fáil faoi “Ábhar” ag bun an scáileáin ar dheis.
  2. Féach an Cur i Láthair thíos le haghaidh tuilleadh eolais ar an Scéim.
  3. Comhlánaigh an Ceistneoir Ar Líne faoi iamh atá ar thaobh na láimhe deise den scáileán faoi “Tagairtí”. Nuair a chliceáltar air seo, atreorófar an úsáideoir go dtí Ceistneoir de chuid Microsoft Forms agus seolfar na freagairtí go huathoibríoch go dtí seoladh ríomhphoist a bhaineann go sonrach le Scéim Faoisimh Tuilte Chaisleán na Finne ag Castlefinnfrs@rpsgroup.com chun leagan pdf a fháil den cheistneoir).

 

Cad a tharlóidh ansin:

Déanfar gach barúil a fhaightear mar fhreagairt ar an gComhairliúchán Poiblí seo a mheas agus cuirfear san áireamh iad nuair a bheidh Céim 1 á ullmhú (Forbairt agus Dearadh Scéime) den Scéim Faoisimh Tuilte.do Chaisleán na Finne.