Tá Staidéar Srianta ar bun faoi láthair ag RPS. Mar chuid den Staidéar Srianta, rinneadh réamhshuirbhéanna i Meán Fómhair 2020 chun gnéithe suimiúla a aithint ó thaobh na timpeallachta de, agus go háirithe, chun bonn eolais a chur faoi mbunlíne éiceolaíoch de cheantar an staidéir. Sa chéad réamhshuirbhé ag an gcéim luath seo, áirítear na srianta timpeallachta suntasacha a d’fhéadfadh cur isteach ar dhearadh an tionscadail agus chun scóip sainsuirbhéanna sa todchaí a mheas. Dhírigh an réamhsuirbhé go háirithe ar ghnáthóga agus speicis cosanta, lena n-áirítear gnáthóga/speicis liostaithe in iarscríbhinn I,II agus IV den Treoir on AE maidir le Gnáthóga, speicis cosanta faoin Acht um Fhiadhúlra agus flora neamhchoitanta liostaithe san Ordú um Flora (Cosaint). Rinneadh scrúdú freisin sa suirbhé ar speicis plandaí agus ainmhithe ionracha mar aon le gnáthóga leathnádúrtha a bhfuil luach caomhnaithe acu.